Is dócha gur fiú dom muid a chur in aithne, ar eagla nach bhfuil a fhios agaibh cé muid. Áine is ainm domsa agus is de bhunadh Ráth Chairn glas na Mí mé, áit a bhfuil Siopa Údar lonnaithe. Tá mé ag obair le Siopa Údar ó 2019 agus is é seo an chéad uair agam blagphost a scríobh ó thosaigh mé, ach táim ag tnúth le sibh a choinneáil suas chun dáta faoin dul chun cinn agus an obair atá á dhéanamh againn anseo san oifig. Cuireann sé an-áthas orm seirbhís chomh tábhachtach a bheith ar siúl díreach i lár na Gaeltachta breá seo!
Ag cabrú liom, bíonn Donach Ó Lonragáin, a bhíonn amuigh i veain COGG ag tabhairt cuairt ar scoileanna na tíre, agus Áinín Uí Chaiside atá anois i mbun na hoifige ó d’éirigh Nóra Welby as tar éis 41 bliain. Ar ndóigh bíonn foireann iomlán Glór na nGael ag cuidiú liom chomh maith, ach níl mé ag dul gach duine acu a lua anseo.
Má tá tú fiosrach, seo iad: https://www.glornangael.ie/maidir-linn/
Tá sé mar aidhm anseo in Siopa Údar acmhainní agus táirgí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo Gaeilge a labhairt ina saol gach lá. Cuirimid rogha mór cluichí agus leabhar ar fáil ar ndóigh ach is é an paisean atá againn ná leanúint ar aghaidh ag cruthú agus ag forbairt rudaí éagsúla le go mbainfidh sibh taitneamh aisti agus chun grá don Ghaeilge a scaipeadh.
Leanfaidh mé ar aghaidh ag coinneáil ar an eolas sibh anseo agus cuimhnigh go mbím i gcónaí sásta cloisteáil uaibh le haon mholtaí nó aiseolas atá agaibh. Níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh liom ar aon cheann de na bealaí thíos.
Ba bhreá linn freisin dá bhféadfá pictiúir a sheoladh isteach agus sibh ag baint taitneamh as ár gcluichí. Seolaimid a lán cluichí ar fud na cruinne agus ba bhreá linn sibh go léir a fheiceáil ag baint úsáid astu! Taispeáin dúinn!
Go dtí sin, slán libh agus tabhair aire!
Le meas,
Áíne agus Foireann Siopa Údar
Áine
Áinín
Donach – Tionscadal Veain COGG