Is Aoibhinn Beatha an Scoláire Dara Leibhéal le Siopa Údar

Tá táirgí iontacha againn, ní amháin don rang Gaeilge ach don rang tíreolaíochta, staire, corpoideachais agus eile. Mar sin ní gá gur Gaelcholáiste sibh leis an Ghaeilge a shníomh isteach ar fud an churaclaim. 

 

Liathróid Aclaíochta

Foirfe don rang corpoideachais nó fiú le fuinneamh a chruthú sa seomra ranga ag tús ceachta. Caitheann na daltaí an liathróid seo ó dhuine go duine agus is gá an gníomh atá faoin ordóg a dhéanamh ar feadh 30 soicind. Cad é an Ghaeilge ar ‘burpee’? 

 

Liathróid Aclaíochta

 

Dúshlán Staire

Is cinnte go bhfuil an ceann seo dúshlánach. Is é sprioc an chluiche seo ná imeachtaí staire a chur san ord ama ceart agus do chártaí ar fad a imirt roimh aon duine eile.

Dúshlán Staire

 

Tuar Ceatha

Cluiche tráth na gceist le ceisteanna ar sheacht dtéamaí eagsúla. Is féidir an cluiche a imirt leis na téamaí uilig, nó ceann amháin a roghnú ag brath ar an ábhar atá idir láimhe. Beidh an cluiche seo in úsáid ar feadh na mblianta i do sheomra ranga. 

Tuar Ceatha

 

Fios Feasa

Is tráth na gceist iontach é seo, le ceisteanna faoin tír seo ar théamaí staire, tíreolaíochta, spóirt agus na healaíona. Tá níos mó na 1000 ceist san áireamh. 

Fios Feasa

 

Aistear

Tá treonna na Gaeilge ina gcnámh spáirne d’fhoghlaimeoirí na teanga le fada. Is féidir an fhadhb sin a réiteach leis an chluiche seo. Caitheann imreoirí an dísle, agus déanann siad iarracht aistear a chríochnú bunaithe ar na cártaí a fhaigheann siad ón phacáiste.

Aistear

Spraoi le Brí

Is é an sprioc le Spraoi le Brí na ciall focail agus abairtí (ainmfhocal, briathar, aidiachtaí, seanfhocal) a mhíniú gan úsaid a bhaint as na focail nó abairtí féin, agus caithfear é seo a dhéanamh laistigh de 60 soicind. Cluiche iontach chun cur le h-úsáid agus gluais na Gaeilge.

Spraoi le Brí

Odyssey Gramadaí

Is é aidhm an chluiche seo ná na píosaí imeartha a bhogadh ón chianspás go dtí an domhan, ag bualadh le poill dhubha agus dreigí trí cheisteanna gramadaí a fhreagairt. 

Odyssey Gramadaí

Leabhair 

Tá sé níos éasca ná riamh leabhair a roghnú don leabharlann ranga ónár suíomh nua. Tá rannóg ar leith cruthaithe againn anseo do dhaltaí meánscoile agus déagóirí, agus réimse álainn leabhar ar fáil ann.

https://www.siopaudar.ie/product-category/leabhair/