Na Táirgí is Fearr don Seomra Ranga Bunscoile

Tá go leor táirgí againn a chuirfeadh go mór le foghlaim na Gaeilge agus ábhair eile sa bhunscoil. Níl anseo ach spléachadh beag gasta ar na cinn is fearr (dar linn). Ordaigh inniu leis an chód lacáiste SCOIL22 le lacáiste 10% a fháil agus míreanna mearaí do gach páiste sa rang ar orduithe níos mó ná €150. 

 

Os Mo Chionn

Ba cheart go mbeadh an cluiche seo i ngach rang bunscoile. Cuireann na páistí banda le cárta air ar a gceann agus caithfidh ceisteanna a chur ar na himreoirí eile leis an fhocal atá ar an chárta a fháil amach. Tá an-chraic ag baint leis ach cluiche é a chuireann téarmaíocht agus an teanga labhartha chun cinn ag an am céanna. 

Os Mo Chionn

 

Snap

An chéad chluiche cártaí a fhoghlaimíonn páiste ar bith, is féidir anois é a imirt trí Ghaeilge. Tá réimse de 4 leagan againn den chluiche seo: Snap, Snap Nollag, Snap le hUimhreacha agus Snap na gContaethe. Cluiche beag ach cumhachtach ó thaobh sealbhú teanga de. 

Snap as Gaeilge

Focal Fada

Cluiche eile atá beag ach cumhachtach, go hiontach le fuaim na seachtaine a chleachtadh agus fónaic na Gaeilge a fhoghlaim. Bíonn na himreoirí i gcomórtas lena chéile leis an fhocal is faide a chruthú ón litir a roghnaíonn siad ón phacáiste. 

Focal Fada

 

Spraoi le hUimhreacha 

Tá gach ábhar scoile ceangailte lena chéile ar ndóigh agus anois is féidir an Ghaeilge agus an Mhata a cheangal le chéile leis an chluiche iontach seo. Tá ceithre chluiche éagsúil i mbosca amháin, dírithe ar théarmaíocht a bhaineann le cúrsaí airgid, an clog, ag cuntas daoine agus na bunuimhreacha. Tá luach airgid nach beag leis chomh maith ag praghas iontach de €15. 

Spraoi le hUimhreacha

 

Gníomhspraoi 

Cothaigh an comhrá trí cheardaíocht leis an leabhar iontach seo. Roghnaigh ó níos mó na 40 gníomhaíochta ceardaíochta sa leabhar galánta seo. Tá liosta de cheisteanna comhráiteacha taobh le gach gníomh agus is féidir na ceisteanna sin a chur ar na daltaí le linn na ngníomhaíochtaí leis an teanga labhartha a spreagadh. 

Gníomhspraoi

 

Nasc 

Foghlaimeoidh na daltaí cad is briathar, ainmfhocal agus aidiacht ann leis an chluiche tarraingteach seo. Is cinnte go mbainfear seo den seilf arís is arís eile. 

Nasc

 

Líon an Bhearna 

Cluiche maith do pháistí óga le litriú na Gaeilge a chleachtadh. Is gá don imreoir na bearnaí sna focail a líonadh leis na litreacha cearta. Tá 10 gclár focal agus 10 seit de litreacha maighnéadacha sa bhosca.

Líon an Bhearna

 

Leabhair

Idir am scéalaíochta, léitheoireacht neamhspleách agus léitheoireacht chomhpháirte, ní féidir go leor leabhar Gaeilge bheith agat sa seomra ranga. Cuir leis an stór leabhar atá agat anois ón réimse álainn seo

https://www.siopaudar.ie/product-category/leabhair-leithoireachta-paisti/page/2/

Leabhair Dathúcháin 

Roghnaigh idir leabhar dathúcháin na Nollag agus leabhar dathúcháin spóirt anseo. Gníomhaíocht simplí a mbaineann gach dalta scoile sult as.

https://www.siopaudar.ie/product-category/leabhair-dathuchain-gniomhaiochtai/