I ndiaidh dúinn siopa a dhéanamh as an oifig i Ráth Chairn agus spás fisiciúil a chur ar fáil dár gcustaiméirí, tá foireann Siopa Údar anois ag tabhairt aghaidh ar ár gcuid seirbhísí agus táirgí a fheabhsú le go dtig linn ár gcustaiméirí dílse a shásamh.
Ag eascair as sin, tá suirbhé beag gairid curtha le chéile againn a thabharfaidh léargas dúinn ar cad atá á dhéanamh go maith againn, agus ar na háiteanna a dtig linn feabhsú.
Chomh maith leis sin, ba mhaith linn cloisteáil faoi aon táirgí ar mhaith leat iad a fheiceáil ar an mhargadh amach anseo.
Bheimís an-bhuíoch díot dá nglacfá cúig bhomaite leis an suirbhé gairid seo a líonadh. Foilseofar na torthaí amach anseo.