Rannóg Nua Aiscíní ar ár Suíomh

Freebies Aiscíní

Le cúpla mí anuas tá foireann Siopa Údar ag díriú isteach ar cad é ár misean agus cad iad na seirbhísí ar mhaith linn iad chur ar fáil don phobal. 

 

Is é an misean atá againn ná: 

 

“Earraí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholathár do phobal labhartha agus foghlamtha na Gaeilge”. 

 

Ar ndóigh, tá go leor táirgí deasa ar fáil le ceannach ónár suíomh ach, go háirithe sa lá atá inniu ann, tuigimid nach féidir le gach duine agus gach grúpa an t-airgead breise sin a sparáil chun iad a cheannach. 

 

Mar sin, chruthaíomar rannóg nua ar an suíomh le háiseanna agus acmhainní saor in aisce le híoslódáil. Brúigh ar an nasc seo le teacht ar réimse álainn de leathanaigh oibre, puzail, cluichí biongó agus eile. 

 

Tá súil againn go mbainfidh tuismitheoirí, múinteoirí, coistí pobail agus cumainn CLG leas as na hacmhainní seo agus iad ag labhairt agus ag forbairt na Gaeilge.

 

Beimid ag cur leis na háiseanna seo i rith ama ach seo iad cuid de na rudaí atá againn anois: 

 

Bileoga Oibre 

Tá neart puzail agus gníomhaíochtaí sa rannóg seo le páistí a choinneáil gníomhach, bíodh sé sa seomra ranga nó sa bhaile 

 

Leathanaigh Dathúcháin

Rinneadh na leathanaigh seo go speisialta do Siopa Údar agus sílimid go bhfuil siad go hálainn ar fad

Béilte Blasta

Chruthaíomar na béilte seo ionas gur féidir libh bheith ag cócaireacht agus ag ithe le chéile, agus ag spalpadh Gaeilge ar ndóigh

 

Eile

Faoi láthair tá neart cluichí biongó ar théamaí eagsúla anseo, oiriúnach do suas le 30 imreoirí. Beidh craic iontach agaibh leo. 

 

Bain sult as na háiseanna seo agus bí i dteagmháil má tá aon rud ar mhaith leat go gcruthóimid!