Bhí Síoga Siopa Údar iontach gnóthach ar fad le tamall anuas ag cruthú agus ag déanamh táirgí deasa úra daoibh don Nollaig.
Beidh gliondar oraibh nuair a fheiceann sibh cad atá againn daoibh, speisialta ar fad.
Coinnle Nollag
Déanta go speisialta do Siopa Údar i gCo. Ard Mhacha, is bronntanais fhoirfe iad na coinnle galánta seo. Ag cloí lenár bpolasaí timpeallachta, tá na coinnle seo i gcannaí alúmanam le buaiceas téada agus tá an coinnle féin déanta as soighe agus bláthola. Tá dhá bholadh eagsúl ann:
Nollaig Shona – Úll agus Cainéal, an boladh tradisiúnta, blasta ag an am seo den bhliain, cuirfidh sé atmaisféar na Nollag tríd an teach ar fad.
Draíocht na Nollag – Pluma Sioctha, is boladh galánta é seo a ghlacann an dúlra isteach sa teach ar laethanta fuara an gheimhridh. Foirfe le lasadh agus suí cois tine le leabhar maith agus gloine fíona.
Greamán Fuinneoige
Bí cinnte go bhfuil a fhios ag Daidí na Nollag go bhfuil páistí maithe sa teach leis na greamáin iontacha seo. Greamaigh iad ar an fhuinneog le treoir a thabhairt d’fhear na feasóige. Is féidir iad a bhaint go héasca agus a úsáid bliain i ndiaidh bliana.
Crochadán Dorais
Feictear na crochadóirí seo ar dhoirse in óstán le daoine a choinneáil amach, ach cuirfidh siad seo fáilte mhór mhaith roimh an fhear mór.
Cártaí Nollag
Tá cúig leagan de chártaí galánta Gaeilge againn le go dtig leat beannachtaí a chur chuig clann agus cairde i bhfad is i gcéin.
Lipéid Bronntanais
Tá cúig lipéad i gach bpacáiste anseo agus is cinnte go mbeidh cuma snasta ar na bronntanais faoin chrann Nollag i mbliana.
Féilire Aidbhinte
Bíonn páistí ar bís ag cuntas na laethanta go dtí an lá mór, agus anois is féidir leo sin a dhéanamh le féilire aidbhinte i nGaeilge. Seachas seacláid nó féiríní, shocraíomar an chruthaitheacht a spreagadh i mbliana leis an fhéilire seo ar féidir leo a dhathú isteach agus a mhaisiú gach lá.