Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Astráil!
“Leabhar agus cartaí yoga an-suimiúil agus taitneamhach! Bhain mé an-sult as an leabhar seo a léamh agus na cartaí yoga a úsáid.
Aimsíonn Diarmuid an Mata Yoga Draíochta i dteach Mhamó agus imíonn sé ar eachtra spraiúil ar an mhata go dtí an Astráil! Ar an turas buaileann Diarmuid le cangarú, cóálaí, natharacha agus le go leor ainmithe dúchasacha eile! Tugann sé cuairt ar go leor áiteanna cailiúla, an Charraig Ulurú, Trá Bondi agus Droichead Chuan Sydney!
Bhain mé triail as na gníomhaíochtaí yoga ar na cártaí chomh maith, tá na gníomhaíochtaí ar fad nasctha le hainmhnithe dúchasacha na hAstráile agus bhí siad éasca agus taitneamhach le déanamh!
D’fhoghlaim mé go leor fírici faoin Astráil sa leabhar seo. Tá an leabhar agus na cártaí seo thar cionn sa tslí ina nascann said an fhoghlaim agus an gníomhaíocht choirp. Ar an mbealach seo, bíonn muid ag foghlaim agus muid ag spraoi. Bain triail as na gníomhaíochtaí yoga seo agus na firici faoin Astráil a fhoghlaim!
Mholfainn an leabhar agus na cartaí seo do pháistí de gach aois!!”
Tá €14.95 ar an leabhar anseo ar Siopa Údar agus €14.95 ar na cártaí ar fáil anseo.