Seachtain na Gaeilge le Siopa Údar

Tá Seachtain na Gaeilge tagtha i dtír agus tá muid thar a bheith gnóthach ag pacáil orduithe agus ag seoladh táirgí Gaeilge chuig ár gcustaiméirí áille ar fad.

 

Is tráth speisialta den bhliain í Seachtain na Gaeilge ag tús mhí an Mhárta gach bliain, nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar ár dteanga dhúchais trí iarracht a dhéanamh í a labhairt níos mó ó lá go lá. Creidimid gur acmhainn iontach iad ár gcuid táirgí, go háirithe ár gcluichí, chun cabhrú le daoine é seo a dhéanamh. 

 

Agus a leithéidí Monopoly, Scrabble agus Cluedo ar fáil i nGaeilge, bíonn sé éasca do dhaoine spraoi a bheith acu agus iad ag úsáid agus ag foghlaim focail agus frásaí nua. 

 

Níor stopamar ag pacáil orduithe le beagnach coicís anuas anois agus tá muid thar a bheith buíoch agus atá muid as an tacaíocht ar fad uaibh go léir. 

 

Idir boscaí a sheoladh chuig mórdhíoltóirí, clubanna agus coistí táimid thar a bheith sásta leis an spéis agus an leis éileamh atá ar ár gcuid táirgí Gaeilge. Coinníonn an tacaíocht uaibh go léir ár ngnó beag mar atá againne i gcroílár na Gaeltachta oscailte.

 

Táimid bródúil as a rá go bhfuil pacáistí seolta againn ar fud na tíre chuig ár gcustaiméirí dhílis. Tá pacáistí seolta againn freisin chuig daoine in áiteanna cosúil leis an tSualainn agus roinnt chuig na Stáit Aontaithe. Is iontach an rud é ár leabhair bhreátha a fheiceáil á seoladh ar fud an domhain. Tá a fhios againn go bhfuil jab maith á dhéanamh againn nuair a fheiceann muid a leithéid agus is fiú an obair a dhéanaimid gach lá.