Spreag an Ghaeilge le do Pháiste

Leabhair Spreagúla a Roghnú

Níl aon rud níos fearr ná tumadh isteach i leabhar maith chun scileanna teanga a neartú roimh fhilleadh ar scoil. Tá rogha iontach de leabhair Gaeilge do gach aoisghrúpa ar fáil i Siopa Údar. Cibé acu atá do pháiste ag iarraidh eachtraí draíochtúla nó scéalta staire, tá leabhar ann a oireann dóibh.

  • Leabhair Gníomhaíochta: Roghnaigh leabhair atá lán de phictiúir agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha chun suim do pháiste a mhúscailt agus iad ag foghlaim Gaeilge.

Leabhar Mór – Puzail 1

Leabhar Mór – Puzail 2

  • Scéalta: Déan iarracht ar leabhair scéalaíochta simplí i nGaeilge a léamh os ard le chéile. Ní hamháin go mbeidh siad ag foghlaim, ach beidh siad ag baint taitneamh as an am speisialta a chaithfidh tú le chéile.

Cosc ar Chrogaill

Rita agus an tEachtrán

Cinnín Ór agus na Trí Bhéar

Cluichí i nGaeilge

Is uirlis iontach iad cluichí chun scileanna cognaíocha agus teanga a fhorbairt. Tá cluichí boird, cártaí, agus puzail ar fáil i nGaeilge a chuirfidh go mór le heispéireas foghlama do pháiste. An bhfuil a fhios agat go bhfuil Monopoly Junior ar fáil i nGaeilge? Is bealach iontach é an cluiche seo chun scileanna bainistíochta airgid agus straitéise a mhúineadh, agus an Ghaeilge á cur chun cinn acu.

  • Cluichí Focail: Cluichí cosúil le Scrabble nó Thar Barr i nGaeilge cuireann siad deiseanna ar fáil do pháistí focail nua a fhoghlaim agus feabhas a chur ar a gcuid litrithe.

Scrabble as Gaeilge

Thar Barr

  • Cluichí Foghlama: Cluichí mar Monopoly nó Duradáin Meabhracha a cabhraíonn siad le scileanna straitéiseacha a fhorbairt, agus cuireann siad dúshlán meabhrach suimiúil ar fáil i gcónaí.

Monopoly as Gaeilge

Dúradáin Mheabhracha

 

Tacaíocht agus Spreagadh

Mar thuismitheoir nó mar chaomhnóir, is tusa an múinteoir is tábhachtaí i saol do pháiste. Tacaigh lena gcuid iarrachtaí foghlama trí bheith dearfach agus spreagúil. Mol iad nuair a bhíonn dul chun cinn déanta acu agus cuir béim ar an spraoi a bhaineann leis an bpróiseas foghlama.

Nuair atá tú ag réiteach do do pháistí filleadh ar an scoil, ná déan dearmad ar an tábhacht a bhaineann le foghlaim trí spraoi. Le leabhair agus cluichí Gaeilge, is féidir leat eispéireas foghlama saibhir agus taitneamhach a chur ar fáil dóibh, rud a thacóidh leo sa seomra ranga agus sa saol. Bí cinnte cuairt a thabhairt ar ár siopa leabhar agus cluichí Gaeilge chun an rogha is fearr a fháil don scoil ar ais!

Gníomhspraoi

Cén t-am é, a Mhac Tíre?

Monopoly Junior in Irish