An múinteoir nó stiúrthóir réamhscoile thú?

 

Is féidir leat an seomra ranga réamhscoile a líonadh le háiseanna deasa Gaeilge agus tú ag ullmhú don scoilbhliain 22/23 a bhuíochas le Siopa Údar. Ní amháin sin ach tá tairiscint speisialta againn faoi láthair a thugann lacáiste 10% duit ar gach ordú nuair a úsáideann tú an cód lacáiste SCOIL22. Féach thíos roinnt moltaí uainn ar chuid de na táirgí is oiriúnaí don aois réamhscoile. Beimid an-sásta cuidiú leat do rogha a dhéanamh, níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh linn.

 

Puzail adhmaid

Cuirfidh na puzail seo go mór le gach seomra ranga. Déanta as adhmad anseo in Éirinn, is féidir roghnú idir puzal ainmhithe feirme agus puzal na n-uimhreacha 1-10. Foghlaimeoidh na páistí an téarmaíocht tábhachtach seo agus a gcuid scileanna mínluaileacha á fhorbairt acu. 

 

Aibitír

Bainfidh páistí an-sult go deo as na litreacha maighnéadacha seo, a thagann i réimse dathanna. Is féidir leo scríobh agus litriú simplí na Gaeilge a chleachtadh leo. Tá €10 ar 3 phacáiste, margadh iontach!

 

Snap

An chéad chluiche cártaí a fhoghlaimíonn páiste ar bith, is féidir anois é a imirt trí Ghaeilge.
Tá réimse de 4 leagan againn den chluiche seo: Snap, Snap Nollag, Snap le hUimhreacha agus Snap na gContaethe. Cluiche beag ach cumhachtach ó thaobh sealbhú teanga de. 

 

Leabhair 

Tá sé níos éasca ná riamh leabhair a roghnú don leabharlann ranga ónár suíomh nua. Tá rannóg ar leith cruthaithe againn anseo do pháistí óga, agus réimse álainn leabhar ar fáil ann le grá don léitheoireacht a spreagadh ó aois an-óg. 

 

Liosta Siopadóireachta

Cuirfidh páistí lena stór focal go héasca leis an chluiche tarraingteach seo ó Orchard Toys. 

 

Líon an Bhearna 

Cluiche maith do pháistí óga le litriú na Gaeilge a chleachtadh. Is gá don imreoir na bearnaí sna focail a líonadh leis na litreacha cearta. Tá 10 gclár focal agus 10 seit de litreacha maighnéadacha sa bhosca.