Leabhair Spreagúla a Roghnú Níl aon rud níos fearr ná tumadh isteach i leabhar maith chun scileanna teanga a neartú roimh fhilleadh ar scoil. Tá rogha iontach de leabhair Gaeilge do gach aoisghrúpa ar fáil i Siopa Údar. Cibé acu atá do pháiste ag iarraidh eachtraí draíochtúla nó scéalta staire, tá leabhar ann a oireann […]
Category Archives: Nuacht
Tá go leor táirgí againn a chuirfeadh go mór le foghlaim na Gaeilge agus ábhair eile sa bhunscoil. Níl anseo ach spléachadh beag gasta ar na cinn is fearr (dar linn). Ordaigh inniu leis an chód lacáiste SCOIL22 le lacáiste 10% a fháil agus míreanna mearaí do gach páiste sa rang ar orduithe níos mó […]
Tá táirgí iontacha againn, ní amháin don rang Gaeilge ach don rang tíreolaíochta, staire, corpoideachais agus eile. Mar sin ní gá gur Gaelcholáiste sibh leis an Ghaeilge a shníomh isteach ar fud an churaclaim. Liathróid Aclaíochta Foirfe don rang corpoideachais nó fiú le fuinneamh a chruthú sa seomra ranga ag tús ceachta. Caitheann na […]
Táimid beagnach ag deireadh an tsamhraidh agus cé nach bhfuil an aimsir chomh te is atá i dtíortha eile, tá go leor bealaí ann le héagsúlacht a chur le do laethanta saoire anseo in Éirinn. Tá ríméad orainn cuireadh a thabhairt daoibh go léir chuig ár siopa leabhar agus cluichí boird Gaeilge, áit ar féidir […]
Tá deireadh na scoilbhliana buailte linn agus anois tá an t-ordú deireanach faighte againn don bhliain 2023-2024. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Donach atá tar éis cuairt a thabhairt ar 137 scoil le Veain COGG agus breis is 100 ordú a glactha aige. Tá na céadta leabhar agus cluichí seolta amach. Tá Veain […]
Tá súil againn go bhfuil ár gcustaiméirí go léir ag baint taitneamh as sos mór lár téarma! Bhí Cáisc iontach againn anseo sa siopa, bhí cuid dár bhfoireann ar saoire a bhí tuillte go maith aici ón obair tar éis tréimhse ghnóthach ag ullmhú don Cháisc agus ag pacáil orduithe. Bíonn neart againn i gcónaí […]
Tá Seachtain na Gaeilge tagtha i dtír agus tá muid thar a bheith gnóthach ag pacáil orduithe agus ag seoladh táirgí Gaeilge chuig ár gcustaiméirí áille ar fad. Is tráth speisialta den bhliain í Seachtain na Gaeilge ag tús mhí an Mhárta gach bliain, nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar ár dteanga dhúchais trí iarracht […]
Sa sliocht seo, tugann Eoghan Mac Cormaic léargas dúinn ar dá shaothar a scríobh sé bunaithe ar an seal a chaith sé i bpriosúin Cheis Fhada. Tá an dá leabhar, Plúid agus Macallaí Cillín ar fáil ó Siopa Údar anseo. Pluid Nuair a chuir mé peann le par agus an leabhar Pluid a scríobh ní […]
Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Astráil! “Leabhar agus cartaí yoga an-suimiúil agus taitneamhach! Bhain mé an-sult as an leabhar seo a léamh agus na cartaí yoga a úsáid. Aimsíonn Diarmuid an Mata Yoga Draíochta i dteach Mhamó agus imíonn sé ar eachtra spraiúil ar an mhata go dtí an Astráil! Ar an turas […]
Bhí Síoga Siopa Údar iontach gnóthach ar fad le tamall anuas ag cruthú agus ag déanamh táirgí deasa úra daoibh don Nollaig. Beidh gliondar oraibh nuair a fheiceann sibh cad atá againn daoibh, speisialta ar fad. Coinnle Nollag Déanta go speisialta do Siopa Údar i gCo. Ard Mhacha, is bronntanais fhoirfe iad na […]
Le cúpla mí anuas tá foireann Siopa Údar ag díriú isteach ar cad é ár misean agus cad iad na seirbhísí ar mhaith linn iad chur ar fáil don phobal. Is é an misean atá againn ná: “Earraí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholathár do phobal labhartha agus foghlamtha na Gaeilge”. Ar ndóigh, tá […]
Tá sé in am arís filleadh ar an scoil! Más múinteoir thú, táimid anseo chun cabhrú leat ullmhú don scoilbhliain úr le rogha acmhainní nua a cuireadh leis an suíomh le déanaí, chomh maith le roinnt dár ndíoltóirí is fearr. Más tuismitheoir tú, tá neart againn duit, a chuideoidh leat tacú leis an fhoghlaim sa […]
I ndiaidh dúinn siopa a dhéanamh as an oifig i Ráth Chairn agus spás fisiciúil a chur ar fáil dár gcustaiméirí, tá foireann Siopa Údar anois ag tabhairt aghaidh ar ár gcuid seirbhísí agus táirgí a fheabhsú le go dtig linn ár gcustaiméirí dílse a shásamh. Ag eascair as sin, tá suirbhé beag gairid curtha […]
Bhí lúcháir orainn ár ndoirse a oscailt go hoifigiúil don phobal i mí Mheitheamh, tar éis seachtainí agus míonna ag pleanáil agus ag ullmhú. Ba bhrionglóid é le fada an lá spás iomlán a bheith againn chun ár gcuid táirgí agus leabhair a thaispeáint dár gcustaiméirí. Cé gur mhian linn ár ndoirse a oscailt níos […]
An múinteoir nó stiúrthóir réamhscoile thú? Is féidir leat an seomra ranga réamhscoile a líonadh le háiseanna deasa Gaeilge agus tú ag ullmhú don scoilbhliain 22/23 a bhuíochas le Siopa Údar. Ní amháin sin ach tá tairiscint speisialta againn faoi láthair a thugann lacáiste 10% duit ar gach ordú nuair a úsáideann tú an […]
Is dócha gur fiú dom muid a chur in aithne, ar eagla nach bhfuil a fhios agaibh cé muid. Áine is ainm domsa agus is de bhunadh Ráth Chairn glas na Mí mé, áit a bhfuil Siopa Údar lonnaithe. Tá mé ag obair le Siopa Údar ó 2019 agus is é seo an chéad uair […]
Fáilte chuig ár gCéad Blagphost de 2022! Tá an Nollaig thart le fada anois, ach bhí Nollaig iontach againn ag plé lenár gcustaiméirí go léir, idir shean agus nua. Agus ar ndóigh bhí deis againn arís bualadh le beagnach 1500 scoláirí agus múinteoirí ó scoileanna ar fud na tíre agus 50 teaghlaigh tríd na […]
Write your story here.
Is cluiche é Fios Feasa do 4 imreoir nó fhoireann. Is é an sprioc ná seit iomlán de 4 chárta (na ceathrúna) agus diosca (1) a bhailiú trí cheisteanna ar na contaetha agus cúigí a fhreagairt. Clúdaítear go leor leor réimsí den saol, de phearsana, spórt, stair, agus cheol in Éirinn sna ceisteanna – a […]
Biongó Bóthair / Car Bingo foilsithe ag cluiche.ie Ní gá feasta bheith ag fulaingt ar thuras gluaisteáin le páistí ag rá nach bhfuil aon rud le déanamh acu. ’Seo Biongó Bóthair, cluiche a choinneoidh páistí gnóthach ó thús go deireadh turais. Tá 48 íomhá éagsúil agus meascán de dhosaen acu ar gach clár. Tá sraith […]
English




















