Rudaí le Seiceáil:
Fág 7 lá idir an áirithint agus an chuairt le am a thabhairt do Dhaidí na Nollag na bronntanais a sheachadadh in am.
Déan cinnte go bhfuil do challairí lasta agus go bhfuil do micreafón ag obair sula thosaíonn do chuairt. Seiceáil an nasc ar do cheamara gréasáin agus déan cinnte go bhfuil an ríomhaire ceangailte, má tá tú ag úsáid ríomhaire glúine. Níl muid ag iarraidh go gcaillfidh tú do choinne.
LE SPÁS A CHUR IN ÁIRITHE AR LÍNE
Tá an córas ag glacadh le háirithintí anois!
Chun áirithint a dhéanamh roghnaigh lá agus am a oireann. Tá sealanna do theaghlaigh le Daidí na Nollag ar fáil ar 10ú – 12ú Nollaig agus sealanna do scoileanna ar 6ú – 10ú Nollaig.
Mairfidh gach cruinniú 10 nóiméad.
Beidh bronntanas san áireamh le gach cruinniú.
Déan teagmháil linn má theastaíonn tuilleadh bronntanais ó Dhaidí na Nollag aine.nieanai@glornangael.ie
TEICNEOLAÍOCHT DIGITEACH A ÚSÁID
Treoracha maidir le ZOOM a íoslódáil:
Chun an feidhmchlár ZOOM a íoslódáil agus a shuiteáil:
Gabh chuig – https://zoom.us/download agus ón ionad íoslódála, cliceáil ar an gcnaipe íoslódála faoi ZOOM Cliant le haghaidh cruinnithe. Íoslódálfar an feidhmchlár seo go huathoibríoch nuair a thosóidh tú do chéad chruinniú ZOOM.