Splanc-chártaí

Is uirlis iontach iad splanc-chártaí d’fhoghlaimeoirí na teanga, agus deis a thabhairt dóibh briathar, frása nó nath cainte a sheiceáil go tapa. Tá sé éasca iad a iompar agus níos éasca iad a úsáid. Caith súil ar an méad atá i stoc againn faoi láthair.

Foclóirí

Tá sé go hiontach a bheith in ann foclóir a thógáil ón seilf agus cuardach a dhéanamh ar an bhfocal nó frása atá uait. Tá go leor i stoc againn, ón De Bhalraithe cáiliúil agus dil go dtí An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge nuafhoilsithe.

An Fáinne

Cuir an domhan ar an eolas go bhfuil tú ag foghlaim agus réidh le cibé Gaeilge atá agat a úsáid. Roghnaigh suaitheantas cúpla focal nó fáinne ór nó airgead, ag brath ar do chaighdeán Gaeilge agus caith le bród é. Is bealach iontach é do Ghaeilgeoirí eile tú a aithint agus comhrá a spreagadh.

Leabhair

Ó leabhair do pháistí go húrscéalta go neamhfhicsean, tá leabhair againn anseo i Siopa Údar a mheallann gach aois agus suim, agus aon rud nach bhfuil againn, beimid sásta é a ordú duit go speisialta. Má tá leabhar uait chun cabhrú leat le do staidéar, abair linn.

Stáiseanóireacht

Coinnigh tú féin agus do chuid nótaí ó do rang Gaeilge in eagar, agus déan é as Gaeilge. Déanfaidh ár réimse álainn stáiseanóireacht do dheasc sa bhaile nó san oifig níos gile agus déanfaidh siad bronntanais fhoirfe chomh maith.

Cluichí

Ní gá don staidéar a bheith leadránach. Bíodh spraoi agat agus tú ag foghlaim lenár réimse iontach de chluichí boird. Tá cluichí a bhfuil cáil dhomhanda orthu ar nós Monopoly agus Cluedo i stoc againn agus deartar agus cruthaítear roinnt acu go hinmheánach. Caith súil ar an méad atá againn anseo.

I measc roinnt de na cluichí a mholaimid d’fhoghlaimeoirí tá:

Áiseanna Teagaisc

Spraoi le Brí

15.00

Áiseanna Teagaisc

Focal Fada

7.50

Ach déan teagmháil linn le do thoil má tá aon chomhairle uait maidir le cluiche a roghnú.

Ná caill amach ar ár gcuid tairiscintí speisialta, lascainí agus táirgí nua. Cláraigh dár nuachtlitir anseo.