Kíor Thuathail (Marseille)

15.00

Scéinséir crua fileata suite ar bhruach na Meánmhara. Seo é scéal triúr comrádaithe a d’fhás suas in éindí ar shráideanna grianlasta Mharseille — Ugo, Manu agus Fabio — agus Lole álainn ghiofógach. Dlúthchairde iad le linn a n-óige. Scarann an saol ó chéile iad, agus tugann an bás ar ais iad. Cur síos álainn fileata é seo ar Mharseille — ó chúl- sráideanna an Phanier go dtí an Canabière agus anuas go dtí an seanchalafort — agus ar na Francaigh, na hIodálaigh, na Spáinnigh agus na hArabaigh arbh iad pobal na cathrach sin iad. Rinneadh scannán bunaithe ar an úrscéal seo i 2002, chomh maith le sraith teilifíse.A tough and poetic thriller set under the Mediterranean sun. This is the story of three comrades who grew up together on the streets of Marseilles — Ugo, Manu and Fabio — and the gypsy beauty, Lole. Close friends in their youth, they become separated by life, and are brought together again by death.

This novel was adapted as a television series in 2001, and as a film in 2002.

Only 1 left in stock