Cailitín

5.00

Sa leabhar seo, an dara himleabhar sa tsraith, tá Rósmáire Ní Ghrifín ag fanacht go foighneach ar Thuatha Dé Danann teacht agus draíocht a mhúineadh di, mar a gheall siad – ach níl dé orthu! Níl tuairim faoin spéir aici go bhfuil na sióga bochta faoi ionsaí ag a gcuid naimhde, na Fomhóraigh, agus iad i gcontúirt mhór. Mar aon leis seo, tá biseach faighte ag a máthair agus í tar éis filleadh ar an obair, rud a chiallaíonn go bhfuil Bean Uí Chaincín ghránna, lofa ar ais sa teach. Agus tá na gnáthfhadhbanna fós á ciapadh: an Pleota sa bhaile agus Bean Uí Bhatamór ar scoil. Ach tá cara nua ag an bPleota, atá ag cur an-suim i Rósmáire …

Only 1 left in stock