Cú 3 – Fuascailteoir

12.00

Cú: Fuascailteoir. An tríú leabhar in eipic mhór Chú Chulainn — agus an scéal ar fad ar fáil anois mar úrscéal graifice. San imleabhar deireanach seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina aghaidh — Calaitín, Méabh, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon féin! Is anseo a dhéanann Cú Chulainn agus Feardia comhrac an átha. Agus, mar bharr ar an donais, déanann sluaite Chonnacht ionradh ar Chúige Uladh chun na hUltaigh a bhriseadh. Beidh sé ina bháire fola! Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige

ar fáil