Greannán úrnua atá lán grinn. Sa leabhar seo leantar ‘Micí s’Againne’ agus a chara ‘Cibé Caidé’ agus iad ag tabhairt faoi scéimeanna ráscánta ar fud an bhaile. Is iomaí cleas a mbaineann siad triail as ach is minic a fhágtar iad sáite i gcruachás.
Le Gaeilge dheas shimplí chaighdeánach, tá an leabhar fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí agus do pháistí líofa. Tá Micí s’againne ina charachtar óg spraíúil a thaitneoidh le daoine óga.
Tá scéal iomlán ar gach leathanach, le tús, lár agus deireadh greannmhar gan choinne ar gach scéal – le heachtraí soineanta aisteacha a mbeidh gach páiste tógtha leo agus in ann ceangal leo.
Is é comhrá go léir atá mar théacs sa leabhar, rud a chiallaíonn go bhfuil an leabhar furasta a léamh agus a thuiscint. Tá ábhar cainte ag baint le gach pictiúir, le go leor rudaí eile ag tarlú sa chúlra, agus d’fhéadfadh múinteoir an t-ábhar a leathnú amach go furasta chun ábhar ranga a chur ar fáil do chiorcal comhrá nó do rang Gaeilge, ach taobh amuigh den rang, bainfidh páistí sult as mar go bhfuil sé déanta go speisialta do pháistí.
Tá 42 scéal sa leabhar le héagsúlacht mhaith suíomhanna agus scéalta, idir bhéaloideas, miotaseolaíocht, pisreogacht agus an saol comhaimseartha.
Cuirtear an Ghaeilge chun cinn ar bhealach tarraingteach mealltach do pháistí sa leabhar seo, atá taitneamhach agus siamsúil chomh maith.
Léirmheasanna
There are no reviews yet.