Na Clocha Síneacha le CD

5.00

Scéal aoibhinn smaointeach draíochtúil, lonnaithe sa tSín, atá dírithe ar léitheoirí san aoisghrúpa 10-12 bliain. Idir théacs agus léaráidí de chaighdeán eisceachtúil ar fad, iad araon ó Karen Tazi féin. Sábháil na timpeallachta is cúlbhrat don tseoidín liteartha seo. Tugann an cailín óg Niuniu turas amach faoina tír dhúchais féin in éindí lena Daideo. Léiríonn an seanfhear iontais na tíre dá ghariníon agus déanann sise iontas d’áilleacht gach a fheiceann sí. Ach nochtar di chomh maith uafáis an fhill agus an dochair atá á n-imirt ar an timpeallacht. Tá an baol ann go bhfuil sé ró-dhéanach rud ar bith a dhéanamh chun sin a stopadh. Nó an bhfuil? Saibhrítear Niuniu agus an léitheoir féin le gaois agus grá agus tuiscint an tseanfhir. Na Clocha Síneacha – cloch sheodmhar eile le dul ar phaidrín an uile léitheora, bíodh sé óg nó séan.

Out of stock

Category: