Rogha de leachtaí le Margaret Conway (1898-1974).
Seoda eolais agus seoda scríbhneoireachta iad na leachtaí seo, cur síos luachmhar ar stair agus ar áitainmneacha chomh maith leis an seanchas féin. Ó bharr chnoc Tleachtgha (Hill of Ward) faighimid amharc draíochtúil ar na cnoic cháiliúla eile sin; Teamhair, Tailte agus Uisneach. Tá aistí breátha anseo ar na filí Oliver Goldsmit agus Francis Ledwidge, aiste chuimhneacháin ar an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh, agus cuimhní cinn an údair ar an gcaoi ar fhoghlaim sí féin agus a fear céile an teanga Ghaeilge, rud a d’fhág ar a gcumas í a thabhairt mar oidhreacht dá gclann. Oidhreacht dúinn go léir an leabhar seo
Liam Mac Con Iomaire a dúirt..
Reviews
There are no reviews yet.