Seanfhocal gan Sarú

10.00

Lón áisiúil sea na seanfhocail, a deir mórán i mbeagán focal. Tá ciall, taithí agus greann na ndaoine le fáil iontu, agus comhairle ár leasa go minic. Agus an leabhar seo ann, ní bheidh leithscéal ag aon duine a rá nach dtuigeann siad na seanfhocail. Tá míniú simplí Béarla ag dul le gach aon cheann díobh, agus is greannmhar an léiriú a thugann cartúin mhaiseacha ar a lán acu. Tá anseo chomh maith ráitis agus focail a thabharfaidh caoi do dhaoine deisbhéalcha a gceird a chleachtadh go gonta tiarnúil, agus cor coise a chur faoin uileolach. Ní bheidh aon easpa muiníne ort in aon chomhluadar Gaelach feasta!

Out of stock