Tá an leibhéal seo oiriúnach do léitheoirí neamhspleácha.
Is áis léamhthuisceana é Taisce Tuisceana atá ag teacht leis na
teoiricí agus leis an gcleachtas is fearr sa léamhthuiscint. Tugann sé
deis ar leith do mhúinteoirí scileanna léamhthuisceana a fhorbairt
agus cur le stór focal na bpáistí ag an am céanna.
Tá 2 bhosca ar fad in Taisce Tuisceana (Sraith 2) agus tá 25 cárta sa
bhosca seo. Tá réimse d’ábhair spreagúla iontu, idir fhicsean agus
neamhfhicsean, chomh maith le cineálacha éagsúla téacsanna ar nós
dánta, scéalta, finscéalta, r-phoist, dialanna agus tuairiscí.
English



