Fáilte chuig ár gCéad Blagphost de 2022! 

 

Tá an Nollaig thart le fada anois, ach bhí Nollaig iontach againn ag plé lenár gcustaiméirí go léir, idir shean agus nua. Agus ar ndóigh bhí deis againn arís bualadh le beagnach 1500 scoláirí agus múinteoirí ó scoileanna ar fud na tíre agus 50 teaghlaigh tríd na cuairteanna Daidí na Nollag a bhí againn. 

 

Cé go raibh brón orainn slán a fhágáil lenár bpluais Daidí na Nollag, bhain muid an-sult as saoire na Nollag agus tháinig muid ar ais i mí Eanáir lán le fuinneamh agus le pleananna don bhliain nua. Le go leor cabhair ónár gcairde agus ónar gcomhghleacaithe, chuaigh muid i mbun eagrúcháin agus glantacháin chun níos mó spáis a bheith againn lenár gcuid táirgí a thaispeáint daoibh go léir!  

 

Tá na céadta leabhar agus na mílte cluichí, puzail, féiríní, póstaeir agus áiseanna teagaisc anois curtha in ord álainn tar éis cúpla lá an-chrua i mbun stocáirimh. Chomh maith leis sin,  tá leagan amach nua á dhearadh againn do spás Siopa Údar i Ráth Chairn, agus tá súil againn a bheith in ann é a oscailt mar shiopa ceart sna míonna amach romhainn. Leis an méadú ar líon na dtáirgí atá ar fáil againn ní mór dúinn an spás ceart a chruthú chun leanúint ar aghaidh ag cur na n-acmhainní tábhachtacha seo ar an mhargadh. 

 

Coinnigí súil ar ár suíomh agus ar ár leathanaigh meáin shóisialta le níos mó a fháil amach faoin mhéid atá beartaithe againn do 2022. 

 

Le meas, 

Áine agus Foireann Siopa Údar