Má ordaíonn tú ar an Suíomh Gréasáin seo aontaíonn tú leis na téarmaí agus leis na coinníollacha a leagtar amach don mhéid thíos. Léigh go cúramach síos tríd na téarmaí seo, le do thiol, sula n-ordaíonn tú agus priontáil cóip le húsáid amach anseo.

Séanadh Úsáideora:

Is le www.Údar.ie ráiteas ar bith ar an suíomh seo, nó aon ábhar nó forábhar a dháiltear nó a dhíoltar.

Coimeádann Údar (“muid”) an ceart aige féin (ar an ghuthán agus/nó orduithe gréasáin):

An Suíomh Gréasáin (nó aon chuid de) a athrú nó a bhaint (go sealadach nó go buan) gan fógra a chur chugat, agus deimhníonn tú nach mbeidh muid faoi dhliteanas duit as athrú nó as baint ar bith den chineál sin: agus/nó

Na Téarmaí agus na Coinníollacha Úsáide seo a athrú in am ar bith, agus measfar go nglacann tú le hathrú ar bith den chineál sin trí d’úsáid leanúnach den Suíomh Gréasáin seo i ndiaidh athrú ar bith. Is tú féin atá freagrach as na Téarmaí agus Coinníollacha a sheiceáil go rialta le haghaidh athruithe. Mura n-aontaíonn tú le hathrú ar bith ar na Téarmaí agus Coinníollacha caithfidh tú stad láithreach de bheith ag úsáid an tSuímh Ghréasáin.

Coimeádann muid an ceart againn féin ordú ar bith choinneáil siar de bharr seiceáil a dhéantar ar shonraí pearsanta.

Coimeádann muid an ceart againn féin praghas a athrú/leasú in am ar bith.

Maoin Intleachtúil

Aithníonn tú agus aontaíonn tú gur le Údar i gcónaí gach cóipcheart, trádmharc, agus gach ceart eile ar mhaoin intleachtúil a bhaineann le gach ábhar ar an Suíomh Gréasáin, dearadh, struchtúr agus grafaic an tSuímh Ghréasáin, agus gach bogearraí, agus cód foinseach a bhaineann leis an suíomh. Níl an t-ábhar ar an Suíomh Gréasán ar fáil ach amháin le haghaidh úsáid neamhthráchtála. Níl cead agat amharc nó dul isteach i leathanaigh an tSuímh Ghréasáin, nó iad a phriontáil, ach amháin d’aon toisc le hathbhreithniú a dhéanamh ar ordú a cuireadh.

Tá cosc iomlán ar úsáid ar bith d’ábhar an tSuímh Ghréasáin, ach amháin má cheadaíonn stiúrthóir bainistíochta Údar í.

Orduithe

Beidh gach ordú a chuireann tú ar an Suíomh Gréasáin nó ar an ghuthán faoi réir glacachta. D’fhéadfadh muid gan glacadh le d’ordú ar chúis ar bith.

Mura mbíonn na hearraí ar mian leat iad a ordú ar fáil ó stoc, déanfaidh muid teagmháil leat ar ríomhphost agus beidh de rogha agat:

  • fanacht go raibh na hearraí ar fáil ó stoc;
  • d’ordú a chur ar ceal de réir ár bPolasaí Cealúcháin & Earraí Ar Ais.

Nuair a bheidh d’ordú faighte, deimhneoidh muid na sonraí ar ríomhphost (ríomhphost deimhnithe). Murab ionann na sonraí agus sonraí an ordaithe a d’iarr tú, déan teagmháil linn taobh istigh de 24 uair an chloig i ndiaidh ríomhphost deimhnithe a fháil. Déanfar athbhreithniú ar na sonraí agus, i gcásanna áirithe, cuirfear an t-ordú ar ceal.

Bíonn gach eolas, cur síos, agus praghas a bhaineann leis na hearraí ar an Suíomh Gréasáin ceart nuair a ionchuirtear an t-eolas. Ba cheart duit aon earraí a fhaightear a sheiceáil nuair a thagann siad, lena chinntiú go bhfuil gach rud ceart agus nach mbíonn earra ar bith damáistithe.

Ní bhíonn praghsanna a laghdaítear do shladmhargaidh agus do phromóisin bailí ach don tréimhse sin a luaitear go sonrach.

Coimeádann muid an ceart againn féin praghas agus sonraíocht earra ar bith ar an Suíomh Gréasáin a athrú de réir mar a shocraíonn muid.

Coimeádann muid an ceart againn féin earraí a bhaint den Suíomh Gréasáin in am ar bith. Ní bheidh muid freagrach d’aon duine ná d’aon pháirtí as earraí a bhaint nó as diúltú ordú a phróiseáil ar chúis ar bith.

Aois Toilithe

Caithfidh sé go mbíonn aois dhlíthiúil an toilithe bainte amach ag duine le hordú a dhéanamh linn. Mura bhfuil tú san aois dhlíthiúil, ná i dteideal, de réir an dlí, earraí/táirgí ar leith a ordú, coimeádann muid an ceart againn féin an t-ordú a chur ar ceal nó deireadh a chur leis láithreach agus gan fógra.

Sonraí Íocaíochta

Is é praghas na n-earraí móide próiseáil cárta agus táillí seachadta lánchostas d’ordaithe. Deimhneofar seo leat de réir mar a leagtar amach sa rannán ‘Orduithe’.

Is féidir íocaíocht a dhéanamh le PayPal, le cárta creidmheasa, le hordú poist nó le hairgead tirim (íocaíocht dhíreach) nuair a dhéantar an t-ordú.

Ní sheachadfar earraí/táirge ar bith sula mbíonn an t-airgead faighte.

Eiseofar admháil nó sonrasc pro forma i ndiaidh ceannach rathúil earraí/táirgí ó Údar.

Áiríonn an praghas mar a leagtar amach ar an Suíomh Gréasáin CBL do sheachadtaí AE. Níl muid freagrach as cáin iompórtála, cáin díolacháin nó táillí ar bith eile a d’fhéadfadh a ghearradh ag ceannphointe an tseachadta.

Príobháideacht

Déanann muid ar ndícheall le do phríobháideacht a chosaint. Ní bhainfidh muid úsáid ach as an eolas a bhailíonn muid go dlíthiúil fút (de réir an Achta um Chosaint Sonraí 1998).

Tá dhá chúis a mbailíonn muid eolas fút: ar an gcéad dul síos, le d’ordú a phróiseáil agus ina dhiaidh sin leis an tseirbhís is fearr is féidir a thabhairt duit. Ní chuirfidh muid ríomhphost chugat ach amháin ma fhaigheann muid cead uait. Tabharfaidh muid deis duit diúltú do ríomhphost margaíocht ar bith uainn nó ó thrádálaí eile amach anseo.

Seachadadh

Seachadann muid earraí a d’ordaigh tú de réir mar a bhíonn siad ar fáil trínár gcomhpháirtí seachadta – An Post, agus i gcásanna áirithe Royal Mail.

Cuirfear orduithe chuig an seoladh seachadta atá cláraithe agat in “MO CHUNTAS”. Ní féidir freagracht a chur orainn má bhíonn an seoladh seachadta sin contráilte. Más mian leat an seoladh seachadta sin a athrú, is féidir sin a dhéanamh ach dul i dteagmháil le foireann na Seirbhísí Custaiméirí ar ríomhphost. Cuirfear freagra ar ais mar dheimhniú chugat ar ríomhphost taobh istigh de 2 uair an chloig – mura bhfaigheann tú ríomhphost deimhnithe san achar sin ama moltar go láidir duit dul i dteagmháil linn ar an ghuthán.

Glacann tú féin, an custaiméir, an fhreagracht iomlán as cailleadh nó as damáiste ar bith a d’fhéadfadh tarlú. Ní féidir an fhreagracht a chur ar Údar as cailleadh nó as damáiste ar bith.

Cealúcháin agus Earraí Ar Ais

Más mian leat d’ordú linn a chur ar ceal caithfidh tú sin a dhéanamh taobh istigh de 12 uair an chloig den uair a rinne tú an t-ordú a chéaduair. Cuirfidh muid ríomhphost deimhnithe cealúcháin chugat le cealúchán an ordaithe a dheimhniú. Ní ghlacfar le cealú orduithe i ndiaidh an ama sin, agus beidh tú faoi dhliteanas íoc as an ordú iomlán.

Más mian leat earraí ar bith a chur ar ais, ní féidir sin a dhéanamh ach amháin:

  • murab ionann an táirge a fuair tú agus an táirge a d’ordaigh tú

  • má tháinig tairg(í) chugat atá damáistithe

Is gá táirgí nár ordaíodh a chur ar ais chugainn mar a fuarthas iad (i.e. an táirge gan a bheith oscailte agus í réidh le muid í a dhíol arís).

Is gá Earraí Ar Ais agus/nó damáiste a fhógairt ar ríomhphost an lá céanna (taobh istigh de 24 uair an chloig).

Costais seachadta:

Ríomhtar costais seachadta de réir ordú tosaigh. Athróidh costais seachadta de réir meáchain.

Coimeádann muid an ceart againn féin costais seachadta a athrú de réir mar a shocraíonn muid féin.

Tabhair 2-5 lá lena sheachadadh le de thoil. I mbunús na gcásanna tógann seachadadh 48 uair a chloig. Seachadfar orduithe a fhaightear roimh an mheán lae ar an lá céanna.

Is féidir go mbíonn moill ar orduithe i gcás laethanta saoire poiblí – ar a n-áirítear: Oíche Nollag, Lá Nollag, Lá Fhéile Stiofáin, Oíche na Seanbhliana, Lá na Bliana Úire, Aoine an Chéasta, Luan Cásca, Máirt Chásca, gach lá saoire bainc a bhaineann.

Seachadtar gach ordú sa chéad grád trínár gCúiréir lena chinntiú go mbíonn an bhail is fearr amuigh ar na hearraí a fhaigheann tú do.

Má tá tuilleadh eolais uait maidir le costais seachadta, is féidir teagmháil a dhéanamh linn: una@udar.ie

Le horduithe a chuirtear ar ais a phlé, déan teagmháil linn le do thoil ar ríomhphost nó ar an ghuthán.

Gearrfar €10.00 ar sheachadadh ar bith nach mbailítear.

Gearrfar gnáthráta €25 ar ordú ar bith nach nglactar leis ar a sheachadadh.

 

Ár Sonraí

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar ríomhphost, nó ar an uimhir d’fhoireann na Seirbhísí Custaiméirí +353 46 943 0974 idir 9am agus 5pm MAG (Luan – Satharn) agus/nó ar ríomhphost chuig hannah@glornangal.ie

MÁ THÉANN TÚ ISTEACH NÓ MÁ BHAINEANN TÚ ÚSÁID AS CUID AR BITH DEN SUÍOMH GRÉASÁIN, AONTAÍONN TÚ GUR LÉIGH TÚ, GO dTUIGEANN TÚ AGUS GO BHFUIL TÚ SÁSTA CLOÍ LEIS NA TÉARMAÍ AGUS LEIS NA COINNÍOLLACHA SEO. MURA nAONTAÍONN TÚ CLOÍ LEO, NÁ TÉIGH ISTEACH AGUS NÁ BAIN ÚSÁID AS AN SUÍOMH GRÉASÁIN.