Cluichí, Leabhair agus Earraí Gaeilge

Bunaithe sa bhliain 2006, is é Siopa Údar an gné tradála de Ghlór na nGael, an ceanneagraíocht naisiúnta Gaeilge atá freagrach as an Ghaeilge a fhorbairt  sa phobal, sa teaghlach agus i gcúrsaí gnó. Is eagraíocht neamh-bhrabúis é Siopa Údar. 

Tá ceanncheathrú Glór na nGael agus Siopa Údar i nGaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí ach bímid ag cur ár seirbhísí agus táirgí ar fáil do Ghaeilgeoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge ar fud na tíre, agus fiú ar fud an domhain.

Misean

Is é an misean atá ag Siopa Údar ná earraí Gaeilge d’ardchaighdeán a sholathár do phobal labhartha agus foghlamtha na Gaeilge. 

Ba mhaith linn: 

  • Áiseanna a chur ar fáil do dhaoine a ligeann dóibh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge
  • Tacaíocht a thabhairt do ghnónna agus d’fhiontraithe atá ag déanamh earraí Gaeilge
  • Fostaíocht a chruthú do Ghaeilgeoirí, go díreach agus go hindíreach
  • Tacaíocht a thabhairt do ghnónna Gaeltachta agus Gaeilge
  • Ioncam a shaothrú a thacaíonn le Glór na nGael a seirbhísí forbartha teanga a chur ar fáil 

Áinín Uí Chaiside
Bainisteoir Seirbhísí Riaracháin

Is as Co. Ard Mhacha d’Áinín agus tá sí ag obair le Glór na nGael ó 2014. Roimhe sin bhí sí ag obair mar mhúinteoir agus mar sin tá spéis aici i bhforbairt táirgí úra oideachais. Ó lá go lá bíonn sí ag plé le riarachán agus margaíocht.

Seirbhísí 

  • Soláthar féiríní agus táirgí spraoi Gaeilge
  • Soláthar táirgí oideachais do pháistí agus do mhúinteoirí
  • Rogha ‘íoc le sonrasc’ do scoileanna ar an suíomh 
  • Forbairt táirgí úra oideachais 
  • Forbairt cluichí boird nua Gaeilge
  • Soláthar leaganacha Gaeilge de chluichí cáiliúla ar nós Monopoly agus Scrabble
  • Ardán díolacháin do dhéantóirí beaga Gaeilge
  • Lacaistí do ghrúpaí cláraithe le Glór na nGael
  • An branda ‘Gaeltacht na hÉireann’ a chur chun cinn

Statisticí