Léarscáil Mórdhíoltóirí
Tá táirgí Siopa Údar ar fáil i roinnt siopaí ar fud na hÉireann. Má tá suim agat ár stoc a choinneáil agus cur leis an réimse táirgí Gaeilge a chuireann do ghnó ar fáil, déan teagmháil linn anseo chun féachaint ar ár dtáirgí agus praghasanna mórdhíola.
Déantar praghsáil iomaíoch ar na táirgí a dhéanaimid anseo i Siopa Údar, le corrlach brabúis de 25% agus níos mó á thairiscint chomh maith le mealltacht do mhargadh leathan, ina measc:
Agus deis á tabhairt do do ghnó brabús rathúil a dhéanamh, beidh tú ag glacadh páirte i dtacaíocht a thabhairt d’fhiontar sóisialta beag bunaithe i réigiún Gaeltachta.
Déantar athinfheistiú le gach brabús a dhéanaimid i Siopa Údar i bpobal na Gaeilge, i scéimeanna pobail agus i gcláir a reáchtálann ár bpríomheagraíocht, Glór na nGael.
Siopa Údar
Téarmaí agus Coinníollacha Mórdhíola
Bíonn muid i gcónaí sásta ár gcuid táirgí a roinnt le siopaí úra!
Seo iad na téarmaí agus na coinníollacha atá againn
1. Luach Ordú Íosta
Níl aon íosluach ordaithe ag Siopa Údar. De réir mar a sholáthraíonn muid gnólachtaí beaga agus carthanachtaí eile tuigeann muid an tábhacht a bhaineann le ceannach mar is gá agus mar sin tá muid sásta ár gcuid táirgí a sholáthar ar aon mhéid a theastaíonn
2. Cén dóigh ordú a chur isteach
Seol r-phost chuig siopaudar@glornangael.ie le d’órdú a chur isteach.
3. Praghsáil Mórdhíola
Tá na praghsanna go léir liostaithe in euro. D’fhéadfadh praghsanna athrú gan fógra. Tá praghsanna bunaithe ar chostais reatha táirgthe an lae inniu agus i gcás aon mhéadú ar chostais, beidh muid i dteideal ár gcuid praghsanna a ardú dá réir. Cuirfear aon arduithe praghais in iúl duit. Gearrfar CBL ag 23%.
4. Cealaithe
Tig orduithe a chur ar ceal nó a chur ar ais le haghaidh aisíocaíochta laistigh de 14 lá ón ordú. Is é an ceannaitheoir atá freagrach as costas seachadadh fillte. Ní mór gach earra a thabhairt ar ais ina bpacáistíocht bhunaidh agus i gcaoi athdhíola. Déanfar achan aisíocaíocht laistigh de 30 lá i ndiaidh do Shiopa Údar na hearraí a sheoltar ar ais a fháil agus a sheiceáil. Má mheastar go bhfuil damáiste déanta do na táirgí agus/nó nach féidir a dhíol, cuirfear na hearraí ar ais agus ní thabharfar aon aisíocaíocht.
5. Earraí ar ais
Seiceálann Siopa Údar achan ordú sula seoltar iad ach tuigeann muid go dtig earráidí a dhéanamh. Scrúdaigh ar gach lastas díreach tar éis dóibh teacht. Le haghaidh orduithe a ndearnadh damáiste dóibh ar an bhealach cuir é sin in iúl dúinn laistigh de 48 uair an chloig tar éis an tseachadta. Maidir le haon orduithe a mheastar a bheith lochtach, cuir in iúl dúinn le do thoil laistigh de 7 lá ón dáta seachadta ag lua uimhir an tsonraisc agus an chúis ar iarratas lena chur ar ais. Ní ghlactar le haon earraí curtha ar ais gan cead a fháil roimh ré. Seolfar earraí nach bhfuil lochtach ar ais ar do chostas, má aontaíonn Siopa Údar gur seachadadh earra lochtach, clúdóimid na costais phostais agus malartóidh muid na hearraí. Ní bheidh Siopa Údar freagrach as aon chaillteanas nó damáiste a dhéantar do na hearraí ar an bhealach mura dtugtar caillteanas nó damáiste faoi deara ag an am seachadta. Déanfar achan aisíocaíocht laistigh de 30 lá i ndiaidh do Shiopa Údar na hearraí a sheoltar ar ais a fháil agus a sheiceáil.
6. Íocaíochtaí
Ní mór achan íocaíocht a dhéanamh tríd aistriú bainc chuig na sonraí bainc a thaispeánfar ar do shonrasc. Ní mór íocaíochtaí a dhéanamh in euro. Tá íocaíocht dlite laistigh de 30 lá ón dáta ar an sonrasc. Ní sheachadfar aon earraí ar chuntais a fhanann gan íoc 14 lá tar éis na híocaíochta a bheith dlite.
7. Seachadadh
Níl an seachadadh san áireamh i gcostas na n-earraí. Ar achan ordú gearrfar last-táille ar gach sonrasc. Baineann muid úsáid as iompróirí aitheanta lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, An Post, DPD, Fastway, DHL agus FedEx. Seolann muid orduithe mórdhíola ar fud oileán na hÉireann.
8. Fuinneog Seachadta
Ceadaigh ar a laghad 10-14 lá ón am a d’ordaigh tú leis an t-ordú a chur i gcrích. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó ama de dhíth le haghaidh orduithe níos mó; déan teagmháil linn le do thoil le haghaidh faisnéise faoi infhaighteacht. Ní thig le Siopa Údar a bheith freagrach as neamhábaltacht gealltanas seachadta a chomhlíonadh mar gheall ar chásanna nach bhfuil aon smacht againn orthu. Áirítear leis sin, ach níl sé teoranta chuig, tubaistí nádúrtha, dálaí foircneacha aimsire, stailceanna saothair, moilleanna custaim, cruinneas na faisnéise a sholáthraíonn cliaint nó teip na bhfochonraitheoirí a chomhlíonadh.
9. Cúlordú
Níl an cumas ag Siopa Údar cúlordú a láimhseáil faoi láthair. Ach déanfaimid ár ndícheall ár stocadóirí a chur ar an eolas nuair a bhíonn míreanna ar ais i stoc.
10. Táirgí
Forchoimeádann Siopa Údar an ceart mionsonraí nó dearadh táirgí léirithe ar bith a athrú gan fógra a thabhairt roimh ré agus cé go ndéantar gach iarracht cur síos cruinn a dhéanamh ar ár n-earraí ar litríocht díolacháin agus ríomhphoist, tá ár gcuid táirgí á bhfeabhsú i gcónaí agus d’fhéadfadh athruithe beaga a bheith i gceist ó am go ham