Tá sé in am arís filleadh ar an scoil!
-
Más múinteoir thú, táimid anseo chun cabhrú leat ullmhú don scoilbhliain úr le rogha acmhainní nua a cuireadh leis an suíomh le déanaí, chomh maith le roinnt dár ndíoltóirí is fearr.
-
Más tuismitheoir tú, tá neart againn duit, a chuideoidh leat tacú leis an fhoghlaim sa bhaile.
-
Tá tairiscint speisialta againn dár gcairde nuachtlitir go léir freisin le -15% ar orduithe os cionn €50.
Is féidir clárú leis an nuachtlitir anseo.
Tá neart ábahr againn do pháistí nó do dhaoine fasta ag tosú amach nó ag leanúint ar aghaidh lena dturas oideachais. Is féidir le haon duine foghlaim uathu seo, bronntanas iontach atá iontu ach an oiread! Seo roinnt de na cinn is fearr linn:
Foclóir Tosaigh – Foclóir bunúsach Béarla-Gaeilge do dhaoine óga. Foghlaimeoidh páistí óga scileanna úsáideacha foclóireachta leis an leabhar seo a sheasfaidh leo ar feadh a saoil.
Mo Chéad Leabhar Focal Gaeilge -Tá breis agus 200 focal coitianta Gaeilge sa leabhar galánta seo le pictiúir ghleoite a thaitneoidh le páistí. Tá comhairle faoin bhfoghraíocht agus cúpla nod gramadaí istigh ann chomh maith.
Picnic Téidí – Amhráin nua agus rannta spraíúla do pháistí cumtha ag Sadhbh Rosenstock. Bí ag spraoi, ag canadh agus ag rince le Picnic Teidí
Eileanór an Eilifint Éagsúil – Leabhar agus dlúthdhiosca. CD den scéal taobh istigh!
Tomás na hOrdóige agus scéalta eile – Pacáiste scéalta, drámaí agus cluichí idirghníomhacha Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile, dírithe ar pháistí sa bhunscoil ó na naíonáin ar aghaidh. Tá patrúin i gcóir masc agus puipéad láimhe agus méar ag cúl an leabhair.
Gaeilge gan Stró! – Beginners / Gaeilge gan Stró – Lower Intermediate: Is cúrsa teanga ilmheán é Gaeilge gan Stró! d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá sé oiriúnach do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu nó nach bhfuil acu ach roinnt abairtí bunúsacha. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tá deiseanna ag an bhfoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin.
Cártaí Cómhrá trí Ghaeilge: Ar scoil agus sa bhaile, is slí spraíúil iad na cártaí seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn (i gcomhrá leanúnach, ag baint úsáide as foclóir ag an leibhéal riachtanach). Níl le déanamh agat ach na ceisteanna a chur ar ghrúpaí nó ar dhuine aonair.
Ceisteanna Eolaíochta Tá 115 cárta le ceisteanna eolaíochta le freagairt agus le plé sa phaca seo. Tá ceist ag barr gach cárta agus freagra ag a bhun. Tá na ceisteanna roinnte ina dhá leibhéal. Cé mhéad is féidir leatsa a fhreagairt?
Gaeilge Bheo! – Cuireann an lámhleabhar seo ar chumas múinteoirí an Ghaeilge neamhfhoirmiúil a fhorbairt sa rang agus sa scoil.
Bain Sup As! – Tá sraith ceachtanna, gníomhaíochtaí agus cluichí a chabhróidh le foghlaimeoirí rialacha na gramadaí a aimsiú iad féin san áis seo. Tá lámhleabhar an mhúinteora agus diosca leis na ceachtanna ar fáil.
Cluichí – Na cluichí Gaeilge ar fad a d’fhéadfadh a bheith uait riamh! Tá idir spraoi agus oideachas i gceist le gach cluiche acu seo, agus tá pacáistí iontacha curtha le chéile againn do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí.
Stáiseanóireacht – Beidh tú in ann na páistí i do rang a choinneáil spreagtha i mbliana lenár réimse álainn stáiseanóireachta. Ó stampaí go greamáin tá tú clúdaithe againn!
Cártaí Dearbhaithe – Is breá linn na Cártaí Dearbhaithe seo chun áthas, múinín agus dearfacht a spreagadh áit ar bith. Chuirfeadh siad go mór le bhur mbailiúcháin Gaeilge!