Sa sliocht seo, tugann Eoghan Mac Cormaic léargas dúinn ar dá shaothar a scríobh sé bunaithe ar an seal a chaith sé i bpriosúin Cheis Fhada. Tá an dá leabhar, Plúid agus Macallaí Cillín ar fáil ó Siopa Údar anseo.
Nuair a chuir mé peann le par agus an leabhar Pluid a scríobh ní raibh mé cinnte cá dtógfadh an turas pinn mé. Os mo chomhair bhí plean bheith ag scríobh faoi eachtraí a tharla níos mó ná daichead bliain ó shin, ag cíorú cuimhní pianmhara,pearsanta agus ag séideadh saoil in athuair i gcomrádaithe agus cillíní caillte in imeacht an ama.
Go minic, nuair atá staraí ag scríobh faoi thréimhse cuirtear tús leis an insint ‘ag an tús’, agus leantar de réir ama go dtí deireach nó críoch. Chinn mé nach raibh cúrsaí ama, dátaí ord comh tábhachtach sin nó is minic san insint go dtarlódh na heachtraí céanna arís agus arís, nó go raibh ‘cúis agus éifeacht’ as riocht agus mí-loighiciúil uaireanta.
Thuig mé, chomh maith, go raibh insint aon-taobhach – aon-radharcach b’fhéidir -nó go dtí an lá seo féin níl aon duine ón taobh eile, na bardaigh, rialóirí nó stat-seirbhísí san NIO toilteanach admháil don chéasadh, foiréigean, ocras, bruidiúlachas a d’imir siad orainn ar feadh ceithre bliana go leith sna Blocanna agus in Ard Mhacha. Ach más insint aon-taobhach í, is í an fhirínne í a léifiear sna leathanach seo.
I 1975 thóg rialtas an Breataine cinneadh deireadh a chur le stadas polaitiúil (a ghealleadh do phríosúnaigh i 1972) mar chuid do straitéis cóiriúlú. Tharlódh an t-athrú ar an 1 Márta 1976. Ghlac na príosúnaigh leis an dúshlán láithreach agus ón chéad duine (Ciarán Nugent) ar dhaoradh gan stadas é, dhiúltaigh príosúnaigh éide príosún a chaitheamh, nó obair príosúin a dhéanamh. Coinníodh faoi ghlas ina gcillíní iad mar phíosóis gan fáil ar leabhair, litreacha, aclaíocht, raidió, nuachtáin nó tada eile de ‘phribhléidí’ an phríosúin. Bhlian go leith ina dhiaidh sin agus líon na gcimí i ndiaidh fás go beagnach 200 ar agóid tháinig bardaigh agus rialóirí an
phríosúin isteach le lámh trom leis an stailc a bhriseadh agus chuaigh coinníollacha sna cillíní in olcas go tapaí le foiréigean mar chuid den lá gach lá. Dhá bhlian go leith ina dhiaidh sin agus prísoúnaigh beagnach ag cailliúnt a meabhair leis na coinníolacha chinn siad stailc ocrais a thosú, stailc a chríochnaigh le bás deichniúir.
Insíonn an leabhar Pluid an scéal sin ó leibhéal saol sna cillíní agus sciatháin sna Blocanna, le léargas faoi leith ar an saol, spiorad, comradaíocht, agus tragóid den tréimhse. I 2021 bhuaigh an leabhar Duais Oireachtas na Gaeilge, ábhar leitheoireacht duine fásta. Coiscéim 2021
Nuair a bhí an Stailc Ocrais agus an agoid phluide tharta scaoileadh roinnt príosúnaigh saor, ach bhí tréimhsí fada fós os comhair go leor leor dínn. Bheadh deich mbiana eile ann sula scaoilfí saor mé ó na Blocanna agus chinn mé go luath nach gcuirfeadh pé am a bhí romham, amú. Le linn na mblianta 1982 go 1991 bhí mé i mbun pinn go leanúnach, ag scríobh dánta, dramaí, léachtanna, fiú úrscéal (Caibín an Phápa, a bhuaigh Duais ag an Oireachtas i 1992).
Bheadh na dántaí seo scríofa ar ‘comms’ nó nótaí smuigleáilte amach as an príosún) nó i gcóipleabhar a tugadh amach duinn do chúrsaí oideachais nó laistigh de chlúdaigh leabhar…
blianta ina dhiuaidh sin nuair a scaoileadh saor mé thug mé liom tríd na geataí amach aon leabhair a thiocfadh liom mo lámh a chur orthu. Le hamharaí an tsaoil bhí cuid mhaith comms coinnithe ag mo mháthair chomh maith, i bhfolach ó cuardaigh tí. Bhronn sí an t-abhar seo orm agus mé imo chónaí i nGaillimh, mar mhacléinn ollscoile i 1991-92. Ó am go ham, d’ámharcainn ar na leabhair ach ní raibh mé in ann ord a dhéanamh díobh go dtí le déanaí agus i 2022 d’aontaigh Pádraig Ó Snodaigh, Coiscéim, gurbh fhiú an cnuasacht dánta Gaeilge a fhoilsiú, rud atá déanta anso i Macallaí Cillín.
Tá trí saghas dán ann, dánta faoi shaol an phríosúin; dánta faoin am ag dul thart, clann, cuairteanna srl; agus dánta faoin saol lasmuigh den phríosún. Tá súil agam go dtugtar léargas eile tríothú, agus go léiríonn siad nár tháinig deireadh leis an scéal i 1981.